Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases > Ómós do Shéamus Mac Géidigh Tribute

Ómós do Shéamus Mac Géidigh Tribute to the late Seamus McGeidigh

 

 Shéamuis Mhic Géidigh

 

Thar ceann na gComhairleoirí Contae uilig, na mbainisteoirí agus na mball foirne i gComhairle Contae Dhún na nGall, déanann an Cathaoirleach, An Clr. Terence Slowey comhbhrón ó chroí le teaghlach, cairde agus comhghleacaithe Shéamuis Mhic Géidigh, atá i ndiaidh bás a fháil go tobann.

 

“Ba chúis mhór bróin dom a chluinstin ar maidin go bhfuair Séamus Mac Géidigh bás go tobann. Beidh cuimhne agam go deo ar Shéamus mar dhuine a bhí cairdiúil agus cineálta, agus a bhí fial flaithiúil lena chuid ama. Is minic a dúirt mé gur shíl mé gur comhlacht iontach é Ráidió na Gaeltachta le bheith fostaithe ann, agus níl aon amhras ach gurb iad scileanna ceannaireachta Shéamuis a ba chúis leis sin, agus a ba chúis leis an mhuinín a chothaigh sé i measc a chomhghleacaithe oibre.

 

Tá an contae ar fad bródúil as an obair iontach a rinne Séamus in earnáil na craoltóireachta Gaeilge le blianta fada, mar bhainisteoir, mar thráchtaire spóirt d’ardchaighdeán ar fad, agus mar láithreoir cláracha. B’oibrí pobail iontach tiomanta é fosta Séamus, agus bhí ról lárnach aige in eagrú imeachtaí comórtha i nGort an Choirce maidir le 100 bliain ó bhunú Choláiste Uladh in 2006, agus arís i mbliana maidir le himeachtaí comórtha 1916 agus na ceangail áitiúla atá ag ceantar Ghort an Choirce leis an Éirí Amach.

 

Thar ceann na gComhairleoirí Contae ar fad, na mbainisteoirí agus na mball foirne uilig anseo sa Chomhairle Contae ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a ghabháil lena bhean chéile Dolores, lena chlann, lena mhuintir ar fad, lena chairde agus lena chomhghleacaithe. Cronófar Séamus go ceann na mblianta fada amach romhainn.” 

 

 

On behalf of the elected members, management and staff of Donegal County Council, Cathaoirleach Cllr. Terence Slowey offers his sincerest condolences to the family, friends and colleagues of the late Séamus McGeidigh.

 

“It was with great sadness this morning that I learned of the sudden death of Séamus McGeidigh.  My enduring memory of Séamus is of a courteous and kind man who was always generous with his time.  I often remarked that Ráidió na Gaeltachta seemed like such a lovely place to work and that was without doubt testament to Seamus’s leadership qualities and to the confidence he instilled in his team.

 

Our entire county is proud of the contribution that Séamus has made to Irish language radio broadcasting over the years, in a management capacity, in his high-quality sports commentary, and in his role as presenter. Séamus also was a committed community worker, and played a central role in the organising committees for the centenary celebration of Coláiste Uladh in 2006, and again this year in the commemorative events in Gort an Choirce for 1916 and the local connections with the events of the Easter Rising.

 

On behalf of the elected members, the management and staff of the Council I would like to extend my sincerest condolences to his wife Dolores, to his family, friends and colleagues.  Séamus’s loss will be felt for many years to come.”

 

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO